Scéal sí a d’inis a mháthair dó. Bhí teaghlach ann agus fuair an bhó bás – rud a chuir isteach orthu go mór. Suas an bealach, bhuail an t-athair le fear iontach beag a dúirt go mbeadh achan rud i gceart ar maidin. Go mbeadh bó úr sa bhóitheach ag fanacht leis. Rud a bhí. Chuaigh achan rud go maith daofa go ceann i bhfad – rugadh gamhna don bhó agus thug sí neart bainne. Sin go breá go dtí gur shocair an fear go ndíolfadh sé an tseanbhó – d’éalaigh an bhó air.